|
An tAifreann
Deasghnátha tosaigh
Loinneog don lontróide
S In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh
P Amen.
S Go raibh an Tiarna libh.
P Agus leat féin
Gníomh Aithrí
Na focail seo a leanas nó mar is rogha leis an sagart.
S A chairde tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne ionas go mb'fhiú sinn an tAifreann a cheiliúradh.
S&P Admhaím do Dhia uilechumhachtach
agus daoibhse, a chairde, gur pheacaigh mé go trom
le smaoineamh agus le briathar,
le hníomh agus le faillí,
trí mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin.
Ar an ábhar sin, impím ar NaomhMhuire síorÓgh,
ar na haingil agus ar na naoimh, agus oraibhse, a chairde,
guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.
S Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn,
agus go dtreoraí sé chun na beatha sioraí sinn.
P Amen
S A Thiarna, déan trócaire.
P A Thiarna, déan trócaire.
S A Chríost, déan trócaire.
P A Chríost, déan trócaire.
S A Thiarna, déan trócaire.
P A Thiarna, déan trócaire.
An Ghlóir
S Glóir do Dhia sna harda.
S&P Agus ar talamh síocháin do lucht a pháirte.
Molaimid thú. Móraimid thú. Adhraimid thú, Tugaimid glóir duit.
Gabhaimid buíochas leat as ucht do mhórghlóire.
A Thiarna Dia, a Rí na bhflaitheas
A Dhia, a Athair uilechumhachtaigh,
A Thiarna, a Aon-Mhic, a Íosa Críost.
A Thiarna Dia, a Uain Dé, Mac an Athar.
Tusa, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.
Tusa a thógann peacaí an domhain, glac lenár nguí.
Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar, déan trócaire orainn.
Óir is tú amháin is naofa, is tú amháin is Tiarna.
Is tú amháin is ró-ard, a Íosa Críost,
mar aon leis an Spiorad Naomh i
nglóir Dé an tAthair. Amen.
Urnaí
Liotúrge an óhriachair
Tar éis léacht 1 & 2
L. Sin é Briathar Dé
P. Buíochas le Dia
Roimh an soiscéal
S. Go raibh an Tiarna libh
P. Agua leat féin
Sliocht as an soiscéal naofa de réir naomh...........
P. Glór duit a Thiarna
Tar éis an tsoiscéil
S. Sin é soiscéal Dé
P. Moladh duit a Chríost
Aitheasc
An Chré
S. Creidim in aon Dia amháin,
S&P an tAthair uilechumhachtach a rinne neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin, Íosa Críost, Aon-Mhac Dé,
an té a rugadh ón Athair sula raibh aon saol ann,
Dia ó Dhia, solas ó sholas, fíorDhia ó fhíorDhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d'aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna, agus ar son á slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spioraid Naoimh é
í mbroinn na Maighdine Muire agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é chomh maith ar ár son;
d'fhulaing sé páis faoi Phontius Píoláit agus adhlacadh é.
D'aiséirigh an treas lá de réir na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh; tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo
agus ar mhairbh, agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh, Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac:
is é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Admahaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht.
Amen.
Guí an Phobail
Tar éis gach paidir:
L A Thiarna, éist linn.
P A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.
Liotúirge na heocairiste
lomann Ofrála
Mura gcantar iomann ofrála, deir an sagart (os ard):
S Is beannaithe thú a Thiarna, a Dhia na cruinne,
mar gur bhronn tú orainn an t-arán seo a ofrálaimid duit.
An talamh agus saothar an duine a thugann é mar
thoradh agus déanfar de arán na beatha dúinn.
P Moladh go deo le Dia.
S Trí rúndiamhair an uisce agus an fhíona seo,
go ndéantar páirteach sinn i ndiagacht an té sin a
dheonaigh a bheith páirteach inár ndaonnacht.
S Is beannaithe thú, a Thiarna, a Dhia na cruinne mar
gur bhronn tú orainn an fíon seo a ofrálaimid duit.
An crann finíuna agus saothar an duine a thugann
é mar thoradh, agus déanfar de deoch spíoradálta dúinn.
P Moladh go deo le Dia.
S Tagaimid i do láthair, a Thiarna Dia, le hómós
agus le doilíos croí; go mb'fhiú leat ar an ábhar sin glacadh
leis an íobairt seo a ofrálaimid duit inniu.
S Nigh mo chionta díom, a Thiarna, agus
glan díom mo pheaca.
S Guímís a chairde go nglacfaidh Dia an tAthair
uile-chumhachtach leis an íobairt seo uaimse agus uaibhse.
P Go nglaca an Tiarna leis an íobairt seo ó do lámha chun
onóir agus glóir a ainm, agus chun sochair dúinne agus
dá NaomhEaglais uile.
Os Cionn na nOfrálacha
An phaidir eocairesteach
An Phreafáid
S Go raibh an Tiarna libh
P Agus leat féin.
S Tógaigi bhur gcroí in airde.
P Tá siad tógtha in airde chun an Tiarna againn.
S Gabhaimis buíochas leis an Tiarna Dia.
P Is ceart agus is cóir sin.
is ceart agus is cóir dúinn...........
Uime sin, mar aon leis na hAingil agus leis na hArdaingil. leis na Tróin agus leis na Tiarnais,
agus le sluaite uile na bhflaitheas, canaimid duan do do ghlóir, á rá gan stad;
Is naofa, naofa, naofa thú, a Thiarna Dia na slua.
Tá neamh agus talamh lán de do ghlóir.
Hósanna sna harda.
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.
Hósanna sna harda.
Paidir Eocairisteach
An oíche ar tugadh suas é thóg sé an t-arán, ghabh sé buíochas leat, thug moladh duit,
bhris an t-arán agus thug dá dheisceabail é ag rá:
GLACAIGÍ AGUS ITHIGÍ UILE É SIO;
Ó IS É SIO MO CHORP
A THABHARFAR AR BHUR SON.
Ar an gcaoi chéanna, tar éis an tsuipéir, thóg sé an chailís, ghabh sé buíochas leat arís,
mhol thú, agus thug dá dheisceabail í, ag rá:
GLACAIGÍ AGUS ÓLAIGÍ UILIG AISTI SEO:
ÓIR IS Í SEO CAILÍS MO CHUID FOLA.
FUIL AN NUATHIOMNA SHÍORAÍ.
DOIRTFEAR Í AR BHUR SON AGUS
AR SON AN CHINE DHAONNA
CHUN MAITHIÚNAS NA bPEACAÍ.
DÉANAIGÍ É SEO I gCUIMHNE ORMSA
S Fógraímis rúndiamhair an chreidimh.
P A Íosa, fuair tú bás ar ár son.
D'éirigh tú ó na mairbh.
Tiocfaidh tú arís.
........Is tríd, agus leis, agus ann a thugtar gach onóir agus glóir duitse, a Dhia an tAthair
uilechumhachtach mar aon leis an Spiorad Naomh, trí shaol na saol.
P Amen.
deasghnátha
na comaoineach
S Guímis chun an Athair faoi mar a mhúin
ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh:
S&P Ár nAthair atá ar neamh,
go naofar d'ainm, go dtige do ríocht,
go ndéantar do thoil, ar an talamh,
mar a dhéantar ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha,
mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin,
agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc.
S Saor sinn ó gach olc, impímid ort, a Thiarna. Tabhair dúinn síochán lenár
linn, ionas go mbeimid, le cabhair do thrócaire, saor ón bpeaca i gcónaí agus
slán ón uile bhuairt agus sinn ag súil go lúcháireach le teacht ár Slánaitheora, Íosa Críost.
P Óir is leatsa an ríocht agus an chumhacht an ghlóir trí shaol na saol.
S A Thiarna Íosa Críost, s dúirt le d'Aspail: Fágaim síocháin agaibh, tugaim daoibh mo shíocháin:
ná féach ar ár bpeacaíne ach ar chreideamh d'Eaglaise. Tabhair síocháin di agus
aontaigh í ina chéile, faoi mar is toil leat féin, tusa a mhaireann agus a
rialaíonn trí shaol na saol.
P Amen.
S Síocháin an Tiarna libh i gcónaí.
P Agus leat féin.
S Cuirimís in iúl dá chéile go bhfuil síocháin eadrainn.
S An cumasc seo de Chorp agus d'Fhuil ár dTiarna, Íosa Críost go dtuga sé an
bheatha shíoraí dúinne a ghlacann é.
P A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn,
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn,
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, tabhair dúinn síocháin.
S A thiarna Íosa Críost, Mac Dé bheo, thug do bhás beatha don domhan le toil
an Athar agus le cabhair an Spioraid Naoimh. Saor mé ó mo pheacaí uile,
agus ó gach urchóid, trí do Chorp agus d'Fhuil naofa. Tabhair dom cloí i gcónaí
le d'aitheanta agus ná lig dom scaradh leat choíche.
S Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain.
Nach aoibhinn Dia dóibh siúd a fuair cuireadh chun suipér an Uain.
S&P A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon, ach abairse an focal
agus leigheasfar m'anam.
Loinneog don Chomaoineach
Iarchomaoineach
Deasghnátha Deiridh
S Go raibh an Tiarna Libh
P Agus leat féin.
S Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
P Amen
S Tá an tAifreann thart. Imígí faoí shíocháin.
P Buíochas le Dia.
|
